Léachtóir le Gaeilge

National University of Ireland, Galway
September 15, 2024
Contact:N/A
Offerd Salary:€ 61,758
Location:N/A
Working address:N/A
Contract Type:Other
Working Time:Negotigation
Working type:N/A
Ref info:N/A
Léachtóir le Sean-Ghaeilge, Lánaimseartha buan, 1 FTE, Conradh B

Fáilteofar roimh iarratais do cheapachán mar Léachtóir le Sean-Ghaeilge, lánaimseartha agus buan, 1 FTE in Ollscoil na Gaillimhe, le tosú chomh luath agus is féidir. Beidh an duine a cheapfar ina chomhalta de Scoil na dTeangacha, na Litríochtaí agus na gCultúr.

Roinn bhisiúil í Roinn na Gaeilge atá tiomanta don sármhaitheas sa teagasc agus sa taighde i réimsí éagsúla de Léann na Gaeilge ó luath-thréimhse go dtí an ré chomhaimseartha. Tá scoláire cumasach, fuinniúil le saineolas ar an tSean-Ghaeilge agus ar an Meán-Ghaeilge, idir theanga agus saíocht á lorg. Cuirfidh an té a cheapfar le cláir theagaisc agus thaighde na Roinne, idir chláir Ghaeilge agus chláir idirdhisciplíneacha i gcomhpháirt le comhghleacaithe san Ollscoil. Tacóidh teagasc agus taighde an té a cheapfar le cáil na hOllscoile go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta agus le cur i bhfeidhm straitéis Roinn na Gaeilge mar a bhfuil béim ar na mórthéamaí seo a leanas: an chruthaitheacht; an inbhuanaitheacht; an chomhpháirtíocht. Chuige sin: • Beidh dochtúireacht sa tSean-Ghaeilge, sa Léann Ceilteach, nó i réimse comhionann, ag an duine a cheapfar, chomh maith le taithí shuntasach ar theagasc ar an tríú leibhéal. • Beidh an duine a cheapfar in ann gnéithe den tSean- agus den Mheán-Ghaeilge a theagasc, lena n-áirítear teanga, litríocht agus cultúr, i réimsí taobh amuigh dá speisialtóireachtaí féin, ar chláir fhochéime agus iarchéime i Roinn na Gaeilge. • Beidh an té a cheapfar in ann gnéithe den tSibhialtacht Cheilteach a theagasc. • Beidh an duine cheapfar in ann mic léinn iarchéime a stiúradh sa Ghaeilge agus i réimsí gaolmhara, cláir nua theagaisc agus tograí nua taighde a fhorbairt, agus gnáthobair riaracháin a bhaineann leis an ábhar agus le Roinn na Gaeilge a chomhlíonadh. • Beidh an duine a cheapfar in ann dualgais uile an phoist a chomhlíonadh i nGaeilge agus i mBéarla. Tá eolas faoi Phlean Straitéiseach na hOllscoile le fáil ag: Strategy Straitéis 2020-2025 - Ollscoil na Gaillimhe Chun an folúntas a phlé go neamhfhoirmiúil, déan teagmháil leis an Ollamh Rióna Ní Fhrighil, Ceann Roinn na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe. Ríomhphost [email protected] +353 (0)91 492585 Tuarastal: € 61,758 to 98,523 (infheidhme maidir le hiontrálaithe nua le héifeacht ó Eanáir 2011) agus de réir théarmaí agus choinníollacha Pholasaí Luacha Saothair na hOllscoile. https: // www. universityofgalway.ie/media/financialaccounting/financialaccountingoffice/QA321-Remuneration- and-Payroll.pdf (Déanfar an ceapachán seo ar an scála Léachtóir faoi réir pholasaí reatha pá an Rialtais) Ní mór iarratais a bheith faighte faoi 17:00 (Am na hÉireann) an an 26 Meán Fómhair 2024. Ní fhéadfar iarratais a gheofar tar éis an spriocdháta a bhreithniú. D'fhéadfadh grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána a bheith le déanamh. Beidh ceapacháin ag brath ar údarú oibre a bheith bailí. Tá tuilleadh sonraí le fáil ar www. dbei.ie Chun tuilleadh eolais agus Foirm Iarratais a fháil, féach ar an láithreán gréasáin: Poist - Ollscoil na Gaillimhe Ba cheart iarratais a dhéanamh ar líne. Tabhair faoi deara go mbraithfidh ceapachán i bpoist atá fógartha ar fhaomhadh ón Ollscoil, agus ar théarmaí an Chreata um Rialú Fostaíochta don earnáil ardoideachais. Is fostóir comhionannais deiseanna í Ollscoil na Gaillimhe.

From this employer

Recent blogs

Recent news